Dé Luain 6 Bealtaine 2013

Fiántas an Fhiántais

Éinne a thug cuairt ar scannánlann le trí bliana anuas is dócha go bhfuil réamhfhógra do scannán úr Baz Lurhmann Gatsby feicthe acu. Leagan snasta gasta de Gatsby mall an leabhair, agus tabhair suntas d'amhrán trombhíogúil an bhlaisín sin. Kanye agus Jay Z ar ndóigh, le No Church in The Wild.



E.

Dé Luain 15 Aibreán 2013

Dia Amháin a Thugann Maithiúnas

Tá Ryan Gosling gleoite tar éis dul ó neart go neart le tamall de bhlianta anuas. Ní rófhada sinn ó laethanta an Notebook nuair ba bheag meas air seachas don chuma a bhí air. Ó shin tá sé tar éis sinn a chur faoi dhraíocht i leithéidí Drive a luamar cheana ar SFI.com.  Seo daoibh físeog den chéad scannán eile aige, ceann atá lonnaithe sa Téalainn. Stiúrthóir Drive a mhúnlaigh an ceann seo 'Only God Forgives' chomh maith.  Má tá aon chosúlacht idir an físeán seo agus an scannán féin déanaim amach go mbeidh sé chomh snasta stíleáilte foiréigneach céanna le Drive. Is cosúil arís gur gcuirfear bolg an tsolair den cheol os ár gcomhair leis, ceann de mhórbhuanna Drive féin. Is fada uaim an scannán seo.


E.

Dé Domhnaigh 31 Márta 2013

Deireadh Seachtaine Fada na Súmairí Fola


Chuir cara liom an físeán seo ó Vampire Weekend le Step chugam tá nóiméad ó shin agus ó chéadchlos dom é thiteas síos súil an tobair isteach in uisce seo an cheoil. Ceol drithleach, duairc, deas, físeán dubh is bán. Rithim is ceolmhaireacht ag forcamás le chéile. Fonn beag leictreach a leanfaidh isteach sa duibheagán sinn agus a chuirfidh aibhléis san aibhéis.


E.

Dé Máirt 5 Márta 2013

Fáinne Fíonghlan

Bhí mé ag breathnú ar 'Ceol ar an Imeall' le hÚna Mullaly ar TG4 an oíche faoi dheireadh agus chonac an dream seo Purity Ring leis an amhrán seo Fineshrine. 

Féach na liricí, táid lán sceoin lán aiteas aistigh. 

Féach an físeán a bhfuil splancanna léargais agus teacht in inmhe ina n-orlaí tríd an gceo. An trína chéile sin atá fite fuaite le gléas leathstráinséartha danartha an cheoil féin. 


 Súil eile, go dearbh. 







 E.

Dé Máirt 5 Feabhra 2013

Cruachfhear: Sárfhógra don Sárfhear

Ár leithscéal as an moill, bhíomar chomh gafa sin le comhlíonadh dhea-rún na bliana úire go ndearnamar dearmad ar na dea-rúin a rinneadh blianta eile! Tá súil againn go bhfuil tús focan iontach curtha agaibh leis an mbliain is mí-ámharaí amuigh, sé sin 2013! 

Pé scéal táimid ag bogtha isteach i Mí Feabhra anois is an bhliain ag imeacht uainn go mear cheana. Seo daoibh féirín beag gleoite atá sa timpeall le deireanas. Ní fheadar an mbeidh an fear é féin is an scannán lánfhada díreach chomh spreagúil leis ach beidh le feiceáil! Seo an Sárfhear curtha i riocht dorcha mar a rinneadh le Batman scaitheamh ó shin anois, agus féach gur Christopher Nolan atá bainteach leis mar léiritheoir athuair. Beimid ag caint.




Féach, táimid ag caint! Ard-amhrán ó Thiarna na bhFáinní leis! ('Droichead Khazad Dum' is ainm dó, seinntear é tar éis bhás Gandalf!)

E.

Dé hAoine 28 Nollaig 2012

Seo Cultúr!


Tá aithne agus eolas áirithe againn ar an bhfear óg seo, atá ar an bhfile béil i fearr dá bhfuil ann sa Ghaeilge, agus sa Bhéarla fiú (Bhuaigh an boc óg fuinniúil faghartha Comórtas Slamfhilíocht Uile-Éireann sa bhliain 2011, comórtas do lucht an dá theanga.)



Tá sé tar éis bheith ag aithris a chuid filíochta ag Imram, An Phicnic Leictreach, chomh maith le léamha filíochta a dhéanamh fud fad na tíre (cé nach go ró-mhaith a oireann an téarma 'léamh filíochta' don stíl aithrise atá aige, is níos mó den aisteoireacht is den cheoltóireacht is den rapáil a bhíonn i gceist!

Rugadh Séamas i Londain ach d'fhás sé aníos i gCiarraí, áit ar thug sé tuiscint do chumhacht an fhocail labhartha an chéaduair. Fuair sé oiliúint ó Sceim na n-Oidí a thug deis dó a chuid filíochta a fhorbairt níos faide anonn. An Lobharlann/De Leprosarium agus tionscnaimh éagsúla idir lámha aige is tá gach súil againn ag sfi.com bailiúchán dá chuid a fheiceáil luath go leor!

Ár leithscéal as caighdeán an fhíseáin, seo an dán is fearr dá chuid dar linn, is déanadh é a thaifead sa COBÁC. Má tá deis agat dul ag éisteacht leis déan sin go beo, ní thiocfaidh sé in áiféal ort! Leamh atá gach rud eile i gcomórtas leis an bhfear dána seo!



E agus A.

Dé Domhnaigh 11 Samhain 2012

Baile na Leabhar: Radharc ar an gCathair

Is deacair an boladh aoibhinn úd a bhíonn i siopa leabhar a bhualadh. Níl ach rud amháin is deise liom ná é, cumhrán álainn an tsiopa leabhar athláimhe. Is leabharbhách nó bibliophile le fada fíorach an lá mé. Is iomaí uair, lá is seachtain atá caite agam i dtimpeallacht chluthar na siopaí leabhar, Waterstones na sócúlachta agus na fairsinge leabhar den chuid ba mhó(Tá sé seo imithe anois ar ndóigh). Mo athair a thugadh ann mé, leis an lá a chaitheamh i measc na leabhar is mé ar mo shuaimhneas ag léamh liom is ag piocadh leabhar. Chuireas tréimhse phromhaidh na leabharlann isteach go maith roimhe sin.

Tá an dúil chraosach sna leabhair agam fós. Is breá liom tráthnónta a chaitheamh ag spaisteoireacht i siopaí leabhar. Siopaí leabhar athláimhe ach go háirithe, nó cinn a bhfuil réimse mhaith leabhar acu i nGaeilge. Cathair í Baile Átha Cliath atá ar maos leis an litríocht, fiú mura mbeadh á áireamh ach saothar Joyce. Is maith mar sin go bhfuil an oiread sin de shiopaí a dhíolann an focal clóite ar chrainn mharbha mar a dúirt an té a dúirt. Seo roinnt de na siopaí leabhar a thugaim taitneamh ar leith dóibh.






Ceann de sheoda na cathrach, dar liom, is ea Cathach Books, siopa leabhar atá tearc, seanda agus an-chostasach. Is minic acu céad eagráin de Ulysses ar €30,000 an ceann. Tá réimse fhairsing leabhar a bhaineann leis an Éireannachas; stair, polaitíocht, litríocht, is cuid mhór acu sínithe ag a n-údair. Tá rannóg Ghaeilge acu is rannóg leathphraghas thíos staighre áit ar féidir leabhar athláimhe a cheannach cuid mhaith níos saoire ná nuaeagráin. Ba le fear de bhunadh Ghleannn Cholmcille, Éanna Mac Cuinneagáin, an siopa go dtí gur shéalaigh sé tamall de bhlianta ó shin, agus is a chlann atá ina bhun anois.

Tá roinnt mhaith ar fáil i gceantar Bharra an Teampaill, leis. Tá siopa leabhar Connolly Books ann, an siopa leabhar cumannach; cúrsaí polaitíochta an chloch is mó ar a bpaidrín siúd, is roinnt leabhar athláimhe is Gaeilge acu chomh maith. Ar na deirí seachtaine bíonn margadh na cearnóige ann i lár an Bharra áit a mbíonn leabhair ar díol ag stainníní. Thall, tá siopa carthanachta ar Shráid na Parlaiminte a bhíonn ag cur thar maoil le leabhair dheasa. Tá Hodges Figgisbreá mór agus is beag leabhar nach bhfuil acu! Pluais Aladdin eile is ea Siopa Rúnda na Leabhar is na gCeirníní ar Shráid Chill Mhantáin, i ngiorracht scread asail do Shráid Ghrafton. Istigh i gcathair ghríobháin Stuara Shráid Sheoirse tá siopa seanleabhar costasach eile, téigí ann! Níos faide ar shiúl tá cúpla both foilseachán i nDún Laoghaire, agus sa Charraig Dhubh.

Táim prioctha ag galar seo na leabhar ceart go leor ach ní mian liom é a leigheas. Ar uairibh is trom ar na pócaí atá sé ach ar an gcuid is mó is féidir leabhar álainn a fháil ar chostas caife. Deirtear liom anois go bhfuil lá na leabhar caite, gur seo chugainn ré na ríomhleabhar ach ní ghéillim dóibh. Is treise dúch ná solas na scáileán.

E.

(foilsíodh leagan den alt seo ar College Tribune COBÁC cheana)